Foclór

Baineann an suíomh seo úsáid as na leamaí chéanna a úsáideann treebanks na Sean-Ghaeilge ar shuíomh Universal Dependencies. D'fhéadfadh na foirmeacha athrú amach anseo chun comhoiriúnacht idir na hacmhainní seo a chinntiú. Nuair is féidir bíonn leamaí nasctha le hiontrálacha eDIL le aitheantóirí uathúla an tsuímh sin.

Téann an tsuíomh seo de réir chleachtas téacschomharthaithe a úsáideann treebanks na Sean-Ghaeilge Universal Dependencies. Beartaíodh é seo chun a bheith cinntithe go bhfuil córas amháin scaradh focal in úsáid ar fud an chorpais, agus chun litriú an bhun-eagráin a chaomhnú chomh maith. Dá bharr seo, seans nach mbeidh an chuma chéanna ag focail san fhoclóir seo mar atá orthu i mbunachair sonraí agus i bhfoclóirí eile.

Tá an foclóir neamhchríochnaithe faoi láthair. Tá an próiseas anótáilte fós ag dul ar aghaidh, agus méadóidh a bhfuil san fhoclóir de réir mar a leanann téacschomharthú agus clibeáil ranna cainte ar aghaidh. Tá uasdátú beartaithe sa todhchaí chun eolas deilbhíochta a chur ar fáil ar an suíomh chomh maith.